Socrúchán Oibre a Athrú
Conas is féidir liom Socrúchán Oibre a athrú ina shocrúchán intéirneachta JobBridge?
- Tá JobBridge, an Scéim Intéirneachta Náisiúnta, oscailte d'ósteagraíochtaí san earnáil phríobháideach, san earnáil phoiblí (lena n-áirítear státurraithe tráchtála) nó sna hearnálacha deonacha agus pobail.
- Le cáiliú ní mór d'ósteagraíocht, nó brainse áitiúil, íosmhéid aon fhostaí lánaimseartha amháin a bheith acu atá fostaithe ar feadh 30 uair an chloig nó níos mó in aghaidh na seachtaine (i.e. ar an bpárolla agus faoi réir ag cáin agus ÁSPC)
- D'fhéadfadh nach mbeadh aon fholúntais reatha ag an ósteagraíocht sa réimse gníomhaíochta ina bhfuil an intéirneacht á tairiscint.
- Caithfidh ósteagraíochtaí Comhaontú Caighdeánach a chomhlánú agus a shíniú ag cur síos ar na scileanna a chleachtfaidh/fhoghlaimeoidh an intéirneach le linn na hintéirneachta agus seiceáil chomhlíontachta mhíosúil a dhéanamh.
- Leis na critéir cháilitheachta iomlána a fháil cliceáil le do thoil ar an bhfuil d'eagraíocht incháilithe?
- " Le mionsonraithe ar an bpróiseas a fháil cliceáil le do thoil ar conas a oibríonn sé?
- Le sonraí iomlána na scéime a fháil cliceáil le do thoil ar Treoirlínte Ginearálta
Conas a dhéanaim iarratas?
Cuir ríomhphost le do thoil chuig
wppconversion@fas.ie agus cuir na sonraí seo a leanas ar fáil: -
- Ainm na Cuideachta / Seoladh / Sonraí Teileafóin agus Ríomhphoist:
- Teideal an tSocrúcháin CSO reatha ar mian leat a athrú ina Intéirneacht faoin Scéim JobBridge
- UImhir Thagartha Chlár Socrúcháin Oibre (CSO) má tá sé ar fáil
- Uimhir PSP an Rannpháirtí CSO
- Dáta tosaigh an tsocrúcháin/na socrúchán CSO gur mian leat a athrú
Déanfar d'incháilitheacht a sheiceáil agus beimid i dteagmháil leat go luath
Tabhair ar Aird le do Thoil: Is í an Chéadaoin 31 Lúnasa 2011 an dáta deiridh a nglacfar le hiaratais ar athrú ó CSO go SIN. Ní ghlacfar le hiarratais ó sholáthraithe reatha CSO tar éis an dáta sin.
Eolas tábhachtach do rannpháirtithe CSO reatha ar mian leo athrú go JobBridge, an Scéim Intéirneachta Náisiúnta
- Ní féidir leat athrú go JobBridge, an Scéim Intéirneachta Náisiúnta mura bhfuil do Sholáthraí CSO reatha incháilithe agus fonn air feidhmiú mar Ósteagraíocht faoin scéim JobBridge
- Féadfaidh tú iarraidh ar do sholáthraí a incháilitheacht a sheiceáil
- Le bheith rannpháirteach sa scéim ní mór duit a bheith ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist nó Creidmheasanna. Níl daoine atá ag fáil íocaíochtaí eile Leasa Shóisialaigh incháilithe le haghaidh JobBridge.
- Má tá níos lú ná 4 mí déanta agat ar shocrúchán CSO, féadtar do shocrúchán reatha a athrú ina intéirneacht 6 mí le d'ósteagraíocht faoi JobBridge
- Má tá níos mó ná 4 mí déanta agat ar shocrúchán CSO, féadtar do shocrúchán reatha a athrú ina intéirneacht 3 mí le d'ósteagraíocht faoi JobBridge
- Má tá níos mó ná 8 mí déanta agat ar shocrúchán CSO ní féidir do shocrúchán reatha a athrú ina intéirneacht faoi JobBridge
- Má tá Clár Socrúcháin Oibre críochnaithe agat roimhe seo agus tú ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist nó ag síniú le haghaidh Creidmheasanna ar feadh 3 mí d'fhéadfadh go mbeifeá incháilithe chun cur isteach ar dheiseanna intéirneachta eile agus a bheith rannpháirteach iontu (téigh chuig http://intern.jobbridge.ie chun deiseanna reatha a athbhreithniú)
- Ní mór do lucht Leasa Shóisialaigh d'incháilitheacht don scéim a dheimhniú má roghnaíonn ósteagraíocht tú mar intéirneach ionchasach.
Tabhair ar Aird le do Thoil: Is í an Chéadaoin 31 Lúnasa 2011 an dáta deiridh go nglacfar le hiarratais ar athrú ó shocrúchán oibre go dtí an Scéim Intéirneachta Náisiúnta. Ní ghlacfar le hiarratais ó sholáthraithe socrúcháin oibre reatha tar éis an dáta sin.
Nóta tábhachtach dóibh siúd in aois 22-24
- Daoine aonair in aois 22-24 ar athraíodh a Socrúchán CSO go hIntéirneacht JobBridge agus a bhí ag fáil an ráta níos airde leasa shóisialaigh de €188 in aghaidh na seachtaine, laghdófar iad go dtí an ráta leasa shóisialaigh bunaidh €144 in aghaidh na seachtaine. Ach gheobhaidh siad an breisiú seachtainiúil de €50. Mar sin gheobhaidh daoine aonair sa chohórt seo liúntas Intéirneachta €194 in aghaidh na seachtaine €144+€50) ar ardú €6 é ar an íocaíocht roimhe.