Job Bridge
Twitter

Foirm Iarratais Ghearr a Íoslódáil



Tugann intéirneacht an deis taithí luachmhar a fháil i dtimpeallacht oibre do na daoine sin ar mian leo an t-eolas agus na scileanna ábhartha a fhiosrú nó a ghnóthú le dul isteach i ngairm faoi leith.

Cuireann JobBridge socrúcháin taithí oibre ar fáil d'intéirnigh ar feadh tréimhse 6 mí nó 9 mí. Is éard is aidhm leis cabhrú le deireadh a chur leis an ngás nach mbíonn cuardaitheoirí poist ábalta post a fháil gan taithí, bíodh sin daoine atá ag dul isteach sa mhargadh saothair tar éis oideachais nó oiliúna nó oibreoirí dífhostaithe ar mian leo scileanna nua a fhoghlaim.

Gheobhaidh intéirnigh liúntas €50 in aghaidh na seachtaine anuas ar a liúntas leasa shóisialaigh. Beidh sin iníoctha ar feadh thréimhse na hintéirneachta.

Cad iad na buntáistí a bhaineann le hintéirneacht a dhéanamh?

  • Taithí oibre luachmhar a fháil a fhéadfaidh tú a chur ar do CV
  • Eolas a foghlaimíodh i dtimpeallacht oiliúna nó oideachais a chur i bhfeidhm
  • Cur le do chuid scileanna agus cinn nua a fhoghlaim trí fhoghlaim san áit oibre
  • Bealach le gairm bheatha nua a fhiosrú
  • Cur le d'ionchais ó thaobh gairme beatha
  • Teacht ar dheiseanna líonraithe agus fanacht gar don mhargadh saothair
  • Cur le do mhuinín trí thaithí oibre.

Eagraíochtaí Rannpháirteacha


Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations
Participating Organisations

National Employment & Entitlements Service